Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 163
- XML “Seán agus na Gaisce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séan agus na GaisceBhí bean na comhnuidhe i gCnoc na Fola uair amháin agus bhí mac darbh’ ainm Séan aicí agus bhí siad an bhocht agus bhí lá an chios ag teacht agus cha rabh airgead ar bith aca. Bhí sean bhó amháin aca agus an lá roimh aonach an Gleann d’iarr sí air éirigh go luath ar maidin agus dul an aonaigh agus í a dhiol. D’éirigh seisean agus d’imthigh. Bhí trí gaisce ag dul an bhealach céadna agus bhí fhios aca go rabh Séan ag teacht. Dubhairt siad “fiafrochaidh muid dó caidé tá dhith air ar an ghabhar”. Chuaidh ceann aca indiaidh an chinn eile agus d’fiafruigh dó ca mhéid a bhí a dhith air ar an ghabhar dubhairt seisean nar gabhar a bhí leis acht bó. Shiubhail sé leis agus casadh an dara gaisce air agus d’fhiafruigh dó an rud céadna agus dubhairt seisean nach gabhar a bhí leis acht bó. Casadh an tríomhadh gaisce air agus d’fhiafruigh dó ca mhéid a bhí dhith air ar an gabhar dubhairt seisean go caithfeadh sé gur gabhar a bhí ann.
Dhíól sé an gabhar ar chúig sgilling deág agus chuaidh na bhaile agus chuir an t-airgead i leat dtaobh go dtí an dara aonach ar an Ghleann. Thug sé an t-airgead leis. D’fhag sé cúig sgilling i dteach Pádraig Mich Eiteagain agus cúigear eile i dteach Brighid Nich Dhearaigh agus an cúigear eile i dteach Éamon Ní Dhomhnaill.
Bhí sé ag siubhail fríd an margadh agus tháinig na gaisce arais. Thug Sean isteach iad ins na trí toighthe a d’fhag sé an t-airgean ionnta. Bhí hata páipeir ar Shéan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Largantrean, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Cheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Largantrean, Co. Dhún na nGall