Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal.
    Bhí bean pósta uair amháin agus bhí a fhear amuigh ag reacail oidhche amháin. Bhí an bhean na suidhe cois na teineadh agus mhotuigh sí trup ag an doras. Chuaidh sí síos agus d’fhosgail sí an doras agus cha dtiocfadh léithí gach a fheiceal agus nuair a bhíodh sí na suidhe arais mhothuighadh sé é arais. Sa deireadh thug sí an sguab agus amach léithí agus thoisigh sí ag sgartaigh cé bhí annsín. “Dubhairt sí sin trí téit agus annsin mhothuigh sí caint ar [chul]? an toighe. Chuaidh sí go dtí an ait agus bhí bean agus a mac annsin agus bhí bata léithí. Arsa’n tsean bhean “cáidé tá tú ag cuartugh “Cualaidh mé glor” arsa sise agus tá mé ag cuartugadh”.
    “Bhall” arsa an t-sean bhean char cóir duitse theacht amach san oidhche”. “Cá tuighe” arsa sise “innseochaidh mé duit. Tá do fear dul a fhághail báis”. “Ca tuighe” arsa’n bhean seo. “Mharbh sé inghean a bhí agam agus tá mó fhear ag teacht seachtain ó’n lá indiú le é a mharbhadh. Tá sé na fhathach”. Tháinig an fathach agus chuir an bhean an fear i mbosca agus d’fhiafruigh an fathach ca rabh an fear agus dubhairt sise nach rabh sé sa bhaile, dubhairt sise go gcuireadh sí fá na choinne agus chuaidh sí fá na choinne.
    Tháinig sí fhad le roilig. Bhí spád na seasamh aige. Thoisigh sí ag baint ins an roilig agus an chéad rud a bhuail an spád ar clár chonmhar. Bhain sí an conmhar amach as an talamh. D’fhosgail sí an clár agus léim an duine amach as. Thug sí na bhaile léithí é agus dubhairt sí leis an fhathach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Largantrean, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Briain Ua Cheallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Largantrean, Co. Dhún na nGall