Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “An bhFuil na Sióga ann nó nach bhFuil - An Ceol insan Bhinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad liom ar aon dóigh. Bhí na mílte acu ann - bhí an cubhreann cumhdaigh leobhtha - agus iad ag cainnt, agus ag gáire, agus chuid acú ag deanamh maghadh ar an chuid eile. Char bhog me go dteacaidh an ceánn deirneach acú thart agus leóga bhí mé fuair go leór cionnus go rabh sé ag sioch rith an ama. D'imthigh me na bhaile annsin agus cár searbh go leor orm."
    D'éirigh mé féin agus Aod annsin agus shiubhal muid na baile, agus is siomdha uair ó shoin a smaointeadh me ar an dóigh deas go rabh na sean-dhaoine abalta a gcuid sgeulta a innse, ghidh nach rabh focal foghlum acú. Bhí siad abalta a theacht thart an sgéal comh deas agus bheadh duine abalta e a leigheamh. Níl na daoine atá ann, ins an am i lathair abalta sgealtaí a innse leath-comh deas le na sean daoine a bhí ann da scor bhliadhain o shion. Cailleadh an dóigh!
    Chreid na sean dhaoine go fíor go rabh taidhbhseannaí sidheoga agus rudaí eile cosamhail le seo ann, agus creidim fhéin go rabh cuid mhaith de'n cheart acu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Stráin
    Inscne
    Fireann