Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá me cinnte go bhfuil cuid mhaith daoine annseo anocht a chualaidh iomradh ar an ridire Conyngham agus an scrios agus an dún-mharbadh a rinne sé ar na mnaibh, na paistibh agus na sean-fhearaibh Arainn Mhoir ins an bliadhain 1653. Chualaidh sibh fosta, tá me ag smaointeadh, fa Aod Bhán, as Arainn Mhóir, agus Séamus Cronn, as an Bhaoghalach agus an dóigh a lean siad Conyngham, agus an dóigh a mharbh siad e ag Dhoire Airt comhgarach leis an teamp-all galda ag an bhaile mór. O'n lá sin go dtí an lá indiu tá thaidhbhse Conyngham a bheith le feiceal in aice leis an áit a mharbhadh e, corr am anois agus arais. Tcidhfidh duine é, agus annsin a gcionn tamaill bhig eile duine eile, agus b'feidir ni fheiceas duine ar bith e go cionn roinnt mór bhliadhain.Is iomdha oidhche a d'eist me le na sean-dhuine ag tracht ar Chonyngham agus a thaidhbhse nuair a bhí me bheag agus mise 'mo shuidh i gcorr na teineadh ins na h-oidhcheannaí fhada gheimhridh. Tá cuimhne maith agam ar seanbhean a bhí 'na comhnuidhe cois dhorais linn. Máire Nic Shuibhne an t-ainm a bhí uirthí. Fuair sí bás nuair a bhí mise fa thuarim ocht mbliadhna de aois. Acht mar sin féin tá an sgéal a d'innis sí fa dtaobh da an am a bhfaca sí taidhbhse Conyngham comh geal ann mo ceann indiu as an chéad lá a chualaid mé e. Bhí Máire iontach sean nuair a fuar sí bas. Deir mo mhathair go rabh sí níos mo no 90 bhliadhna, bhí sí óg nuair a chonnaic sí an taidhbhse, 25 bliadhna no(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Shuibhne
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann