Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann uair amháin agus bhí bean aige fosta. Bhí siad na chomhnuidhe leofa féin. Ní Ní rabh a gach aca ach sean capall ban. Lá amhain d'iarr an t-sean bhean ar an t-sean fhear dhul go dtí an t-aonach leis an t-sean chapall ban. Maidin lá ar na bhárach d'éirigh an fear go luath agus cuaidh sé go dtí an n-aonach leis an t-sean chapall ban. Nuair a chroic sé an t-aonach casadh fear ar as amuigh agus chuir sé ceist ar cá mhéid a bhí a dhíth ar. Dubhairt seisean go rabh naoi bpunnta a dhít ar dubhairt an fear bhéirfeadh mé seacht bpunnta duit. Thug sé an seacht bpunnta do agus fuair sé an capall agus cuaidh sé na bhaile. An oidhche sin bhí an mac agus an t-athair na suidhe ag an t-sean chapall go maidín. An lá ar na mhárach cuaidh siad go dtí an teach leis an t-sean chapall agus bhí an fear istuigh agus tug siad leofa é agus chuir siad isteach in mala é caith siad an mála ar a ndruim agus d'imthigh siad go dtí an tráigh. Nuair a bhí siad ag dul síos cuaidh siad isteach idteach ósta agus d'fhág siad an mála na luighe ar an bhealach mhór agus cuaidh siad isteach. Thainig fear thart agus cúig ceann is fiche eallaigh leis. Bhuail se buille ar an mhála agus dubhairt sé cé tá istuigh annsin. Mise atá ann arsa'n fear a bhí istuigh. Cá bhfuil tú ag dul Tá mé ag dul na flaigheas An leigfidh tú mise isteach annsin Leigfidh cinnte agus thainig an fear a bhí istuigh amach agus cuaidh an fear eile isteach agus d'imthigh an fear eile leis, leis an cúig ceann is fiche eallaigh go dtí an t-aonach Agus chaith an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ghearrbhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maghnus Ní Ghearrbhaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall