Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 50

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 50

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 50
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí sean fhear agus sean bhean ann aon uair amháin agus bhí inghean an beag amháin aca. Lá amháin nuair a bhí an t-athair ar an aonach ní rabh aon nduine fán teach ach an mháthair agus an inghean beag. Nuair a thainig a h-aon a chlog dubhairt an inghean go rabh sí ag dul amach na cnuic leis na ba. Nuair a chuaidh sí d'fhán sí ar na cnuic leis na ba go dtí mall sa tráthnóna. Annsin thainig ceo agus ní rabh fhios aici cá rabh sí ag dull. Sa deire chuaidh sí ar seachrán. Fríd na cnuic. Bhí an madadh leithe agus thainig an madadh na bhaile. Nuair a thainig an t-áthair chuaidh sé fhéin agus na comharsan amach ag cuartughadh an inghean. Thosaigh an madadh ag tafaint lean na comharsain an madadh agus fuair siad í. Níor leig tathair no an mhathair an leanbh amach ar na cnuic níos mó indiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic a Bháird
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Mac a Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall