Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 5
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Urnaí Logha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh fear na coilleadh bhaint slatacha, an méid a bhain sé chaith sé uadh iad, agus an méid nár bhain sé, bhí said leis na bhaile.
“Fear ag baint féasóige dó fhéin.
Cuartaigh mé agus chuartaigh mé é, agus nuair a fuair mé é, chaith mé uaim é.
“Dealg an do chois.”
Gearán beag bobailte, trigailte donn, siubhlann sé Éire agus ní fhliuchann sé bonn. “Leitir.
Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat. “Súithche.
Comh h Ard le balla, comh milis le mil, comh bán le bainne, comh dearg le fuil. “Ubhla.”
Tarann sé isteach ar dhruim na ndaoiní agus téigheann sé amach go mín le síoda. “Móin.”
Bíonn sé amuig agus bíonn sé astoigh agus dhá céad suil air. “Rideal.”
Ceathrar na rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh eolais agus seoidín ar deireadh. “Bó.” - A Íosa dean trocaire orm.
Go ngrádhuighthear croidhe naomhtha Íosa an gach áit
A Íosa atá ceannsa agus umhal ar gcroidhe dean mo croidhe sa cosamhail le dó chroidhe sa.
A Íosa mo Dhia, grádhaim tú ós cionn gach uile nídh.
A chroidhe ró mhilis Íosa iompuighim ort, leig damh tú a ghrádhughadh níos mó agus níos mó.
Ó mo Thighearna agus mo Dhia.- Bailitheoir
- Ruaidhrí Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighread Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann