Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 8

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 8

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 8
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”
  6. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal fá'n t-sean am
    Sé an dóigh a raibh na daoiní beo i bhfad ó shoin, bhéadh toighthe beaga acu agus an simléar a lár an toighe. Bhéadh an teinidh i lár an urlair agus an t-eallach i gcionn an toighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann uair amháin agus bhí cúig geacha aige. Bhí aige le ghabhail trasna ar dhroichead dheas gloine. Dá salachadh aon cheann acu ar an droichead geobhadh an fear sumans. Ní raibh ní b’fhearr le deanamh aige nó gob gach ceann acu a chuir isteach i dtóin an cheann eile, agus chuir sé a mhéar isteach i dtóin an cheann deiridh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
        2. scéalta grinn (~6,086)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Connachain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Connachain
    Inscne
    Fireann
  3. Bhí fear ann uair amháin agus bhí gé aige. Rugadh an gé uibh óir gach uile lá. Lá amháin dar leis fhéin go mairbhfidh sé an gé agus go mbéadh an t-ór uilig aige fhéin. Marbhadh sé an gé. D’fhoscail sé é agus ní rabh an gé ach cosamhail le gach gé eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. Tomhais orm, tomhais ort. Caidé an dealg a chuir Brighidh san bhrat(?)
    “Súithche.”
    Comh hard le balla, comh bán le bainne, comh milis le mil, comh dearg le fuil.
    “Ubhla.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.