Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 57
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uair é agus ní fhacaidh Dia ariamh é.
(Fear níos fearr nó é fhéin.)
Muiltín iarran is ruball olna air. (Snaithe astoigh an snathad.)
Tchim é 's ní fheicim é siúd ar chnoc na h-aiteanaighe é luigheann sé sa drúcht is ní éirigheann sé gan cuideachta. (Bás.)
Tomhais orm tomhais ort caide mó chuir Bríghid dealg sa bhrat. (Bior eireógaí.)
Shiubhail sé shoir agus shiubhail sé shiar, shiubhail sé Corcaigh agus gárradh Baile Átha Cliath. Bhain sé greim comh mór le capall is ba mhó an greim nó greim asala is níor bhlais sé ariamh an biadh. (Speal.)
Cé seo chugainn fríd an fairrge bean is cóta dearg oirthí agus snáithe dearg in na léinigh. (Tua Ceatha.)(leanann ar an chéad leathanach eile) - Cibí tá saor caitheadh sé cloch.
Caitheadh cloich le cuan is ag bualadh buille dé órd ar iarrainn fhuar.
Casar na daoiní ar a chéile agus ní chastar na cnuic.
Cuir síoda ar ghabhar is é gabhar i gcomhnuidhe é.
Is binn béal na thost.
Ní gan buidheachas caitheamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann