Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 55

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 55

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 55
  3. XML “Oíche na Marbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean am oidhche na marbh, ba ghnáth leis na sean daoiní pota brúightín fhágail fá choinne na marbh. D'fhágfadh siad sponóg san pholl agus im as bainne fá na gcoinne. D'éireochadh siad arís ins an mheadhoin oidhche go ndeárfadh siad an paidrín dó na mairbh mar bheadh siad ag mheas gur sin an tam a bheadh siad ar a gcois.
    Oidhche Fhéil Eoin
    Oidhche Fhéil Eoin ins an t-sean am ba ghnáth leis na sean daoiní teinidh mhór a chur amach. Annsin d'éarfadh siad an Paidrín thart cúpla uair ar an teinidh. Annsin nuair a bhéadh an teinidh chomhair bheith gabhail as bhéarfadh siad leobhtha smután dearg amach as an teinidh. Rachadh siad thart ar a gcuid talamh leis agus deirtear go mbeannóchadh sin an talamh. Coinnbhuightear an oidhche sin i n-onóir Eoin Baisde.
    Urnaighthe
    Luighim ar an leabaidh seo i mbháis codhlata. Ó Dhia bhéaram m-anam duit, coinnigh anois é coinnigh arais é. Ó Dhia coinnigh choidhche é. Ceithre coirneál go rabh ar mo leabaidh-sa ceithre h-aingle go rabh scartha. Dia go rabh amuigh agus Dia go rabh astoigh. Dia agus Íosa Críost go rabh fá dtaobh dén teach seo. Má tharann dadaidh orm agus mé mó chodladh Maighdean muscal mé. Muire sa aingle cuidigh liom. Ó Dhia bhéaram mó anam duit.
    Síntear mé sa leabaidh seo mar shintigh mé sa n-uaigh, Íosa bhí ag mo bhonnaí, Mac Dé bhí ag mó cheann. Teachtaire Dílis atá i n-ionad Íosa bhí agam i n-am go dtéigh ola
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cathal Mac Giolla Easpaig
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Mairghead Nic Giolla Easpaig
    Inscne
    Baineann