Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 7
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lán gárradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc
    "Do chár agus do theangaidh"
    Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na heochra.
    "An ghaoth"
    Ma chumhduigheann crúb ainmhidhthe leath acra talamh, caidé chumhduigheas a iarball. "Tóin"
    Chuaidh sé thart ar an teach agus an dreibhlin na diaidh.
    "Chearc agus an t-éilín"
    Muilín beag amuigh agus céad gamhain aici "An ghealach agus na réulta."
    Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche.
    "Bealach mór."
    Tá rud eighinteacht ingluaisteán agus níl úsáid a bhéith leis, a ní thig leis a ghabhail gan é. "Torman"
    Barraile ar an tráigh sa dha chionn dhruidte. "Uibh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Aodha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cailín
    Inscne
    Baineann
  2. Ólann an Rí fuigheall an chait.
    Is fearr focal san chúirt nó púnt san sparán.
    Is glas iad na cnoic i bhfadh uainn.
    Adhbhar an magaidh ag déanamh magaidh.
    An té nach ndeán a gnoithe an am bíonn sé na phlé-seam.
    Is fearr fuigheall brachain nó fuigheall magaidh.
    Cé bith atá saor caitheamh sé cloch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.