Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 70

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 70

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 70
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Sneachtán Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tháinig lucht an toighe isteach annsin. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do mo bhamhal sa." arsa fear an toighe. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do mo bhamhal sa." arsa bean an toighe. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do mo bhamhal sa agus d'ól sé an brachan as." arsa an duine eile. Chuaidh siad anonn go dtí na cathaoireacha annsin. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do mo chathaoir sa." arsa'n triúr acu as béal a chéile. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do na leabthacha." arsa bean an toighe. "Bhí duine eighinteacht ag gabhail do moleabaidh sa agus tá sé ann go fóill ." arsa an bhean bheag. Nuair a chualaidh an gheirseach seo d'imthigh sí amach ar an fhuinneóig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí girseach ann uair amháin agus nuair a tháinig sí ar an t-saoghal fuair a máthair bás. Annsin phós an fear arís. Ní raibh an bhean seo maith do Sneachtán Bán, cionnas go raibh sí níos deise ná í fhéin. (?) an ghirseach seo go deas agus gur baisteadh Sneachtán Bán uirthi. Ní rabh (?) ag an bhean seo an duine ar bith a bhí níos deise no í fhéin.
    Bhí gloine acu a bhí ábalta labhairt agus chuirfeadh an bhean ceist ar an ghloine "cé is deise indiú" Déarfadh sé, "tá tusa deas acht tá Sneachtán Bán níos deise. Ní rabh fhios aici caidé an dóigh a gcuirfeadh sí chun báis í. Chuir sí scéala ag fear dó chuid na comharsain theacht agus scian a bheith leis go dtí go dtabhairfadh sé leis í go dtí coillidh agus í a mharbhadh. Nuair a tháinig sé d'iarr an bhean air í a thabhairt leis go dtí an choillidh agus í a mharbhughadh agus a croidhe a thabhairt chuice se.
    Nuair a tháinig an fear go dtí an choillidh ní leigfeadh a croidhe dó í a mharbhadh. Tháinig sé seabhac ag eiteó(?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge