Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 45

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 45

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 45
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. air. Fuar an fear bás sular fhág sé an teach, agus chuaidh a anam isteach na bhfhlaitheais.
    Sgéal
    bhí fear ann aon uair amháin agus d'imthigh sé ag a chuid angacha ionghantach luath ar maidín. Nuair a bhí sé ag gabháil thart le bun binne chonnaic sé caise i gcontabhairt. D'imthigh sé leis, agus phill sé agus thug sé leis í. D'éirigh bean ruadh amach roimhe agus dubhairt sí . gabh leat le dó gnoithe agus rud ar bith nach mbaineann duit nach bain dó.
    D'imthigh sé leis na bhaile agus d'innis sé dó na bhean an sgeal. Fad agus bhí siad ag cainnt. Bualadh an doras. D'fhoscal sé an doras acht ní rabh duine ar bith ann. D'aithin sé an bhean agus bean muinntire dó fhéin a bhí ann a báitheadh ar loch na Carraige. Bhí sí le báitheadh annsin arsa bhean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí droch bhean aige, nuair a bheadh sé amuigh ag obar thiocfadh sé isteach agus ní bheadh dinnear ar bith déanta aicí dó. Chuir sé ceist oirthí cad chuige nách ndéan sí réidh dinneár dó. Dubhairt an bhean go bé an rial a bhí aca na achan nduine i chuid bidh fhéin i dhéanamh réidh.
    Lá amhain tháinig sé isteach iongantach luath agus bhí an bhean ag ithe cearc. Chuir sé ceist oirthí an rabh a dhath dé sin fágtha. Dubhairt sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge