Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Tor | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

a bhí an bhliadhain shuas, chuir an Baoigheallach ceist ar a bhean "an rachadh sí leis siar go Connacht nó go bhfeicfeadh sí a muinntir." Dubhairt an bhean go rachadh agus d'imthigh siad leo. Nuair a shroith siad Connachta, chuaidh siad go dtí teach ná mná. Nuair a chuaidh siad isteach bhí an mháthair ná suidhe ag taobh ná teineadh, agus arsa sise. "Cé bith an áit a bhfuair tú an bhean sin, tá sí go h-iongantach cosamhal lé mó n-inghean sa a fuair bás tá bliadhain ó shoin." (?) arsa'n Baoigheallach, " sin dó n-inghean, níl sí marbh ar chor ar bith." "Ó ní féidir sin" arsa'n mháthair, "Tá mo n-inghean-sa curtha le bliadhain." "Níl" arsa an Baoigheallach beag, "gó (?) thusa agus tóg an chónair, agus ní bhéidh agat ach sean scuab". Chuaidh siad agus thóg siad an chónair ach ní bhfuair siad ach sean scuab. Bhí luthgháir mhór ortha annsin roimhe an n-inghean agus roimhe an Bhaoigheallach, agus bhí bainéis mhór aca. Chuaidh an Baoigheallach beag agus a bhean síos na cruite annsin, agus bhí siad ná gcomhnuidhe ar an chruit go bhfuair an bheirt bás.

Bhí dhá fhear ann aon uair amháin agus chuaidh siad amach a d'iasgaireacht. Nuair a bhí siad amach giota san fhairrge, thoisigh sé a dh'éirigh garbh, agus bhí eagla ortha go gcaillfidh iad. Bhí fear acu seo iongantach maith ag urnaighe, déarfadh sé a urnaighe gach maidín agus gach tráthnóna. Níor dhubhairt an fear eile focal urnaighe le fiche bliadhain. Rinne sé dearmad dé ná urnaighe. Acht arsa an fear seo a bhí maith ag urnaighe leis an fhear eile "toisigh thusa a dhurnaighe nó cailfear muid" "Ó" arsa seisean, "níor dhubhairt mise focal urnaighe le fiche bliadhain, chaill mé mó urnaighe." "Ó toisigh cé bith a dhéanfas tú nó báithfear muid." Thoisigh sé agus, sé an urnaighe a bhí aige. "Ó a Dhia níor chuir mé trioblóid le fiche bliadhain ort agus má bheir tú slán an talamh an tam seo mé, b'fhéidir nach gcuirfinn trioblóid go ceann fiche bliadhain arís ort."

Bailitheoir
Máire Ní Dhomhnaill
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Conall 'Ac Domhnaill
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge

Bhí gasúr agus a mháthair ann aon uair amháin agus bhí siad ná gcomhnaidhe idteach daobhtha fhéin

(leanann ar an chéad leathanach eile)