Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 15

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

fhad leis i go bhfuair sé greim rubaill ar an bheathach. Bhí sé ag goid suas órdlach ar órdlach go bhfuair sé a lámh ins an bheilt a bhí ag an mharcach. Tharraing sé anuas na trágha é agus bhain an ghaoth as le scin fhada.

Niall Ó Domhnaill (Séimisín)
Doire na Mainsear
Aois 82 bliadhain

Chuir muinntir Árainn Mhóir teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill a bhí na chomhnuidhe ar an Ghlasaidh a theacht ar cuairt ar an oileáin chuca. Tháinic sé agus chaith sé coicighis in a measc. Nuair a bhí sé ag gabháil go tír mór arís chuir siad lasta báid de phronntanais leis agus éadach órnaighthe faoi na chosa ins an bhád. Bhí bodach gallta na chomhnuidhe i nGleann Cholm Cille ar b'ainm de CAptaoin Muireachtaigh agus nuair a chualaidh sé an t-ádh a bhí ar an Dáilach smaointigh sé go bhfiachadh sé féin a lámh fríd Árainn. Chuaidh sé go hÁrainn agus d'fhán sé dhá oidhche ann agus an tríomhadh maidin d'iarr sé ortha bádóir a fhagháil a d'fhágfadh amuigh ar tír mór é. Chuimil na tighthe óstais go cruaidh air an dá oidhche sin a d'fhán sé acu. Nuair a thainic sé amach go h-Ailt an Chorrain an tríomhadh lá, labhair sé....

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Niall Ó Domhnaill, Niall (Séamisín) Ó Domhnaill
Inscne
fireann
Aois
82
Seoladh
Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge