Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)72. Níl fhios ag an duine cá bhfuil an bhród ag teannadh ar an duine eile.
73. Ní rabh sé ach ag cur gaoithe ó na ghoile.
74. Na cur do mhéar faoi na fhiacal.
75. Ná tabhair do chiall i gcionn a chéile
76. Tug sé feannadh an phucain air
77. Is maith an sgéalaidhe an aimsir
78. An té bhéarfas sgéala chugat bheirfidh sé beirt uaith.
79. Chuiahd sé fá pholl cnaipe dó
80. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn as má's glas ní féarmhar
81. Is iomaigh lá an an uaigh ort
82. Can beagan éist mórán
83. Tá na caiple deiridh ag gabhail un tosaigh aige
84. An té nach bhfuil buailidh ar cnoc aige, tá suaimhneas ar sop aige
85. Bean gan leanbh, bean gan leith-sgéal
86. Tá rith a béil is a teangtha léithe
87. Thógfadh sé an gruaig do na cheann
88. Ní rabh ariamh mór nach mbéadh beag
89. Tá sí comh domhain leis an fhairrge
90. Is maith scéal gan droch sgéal
91. Bhí sé ar bhárr na gaoithe
92. Tá sé comh caite leis an choinnil
93. Chan indiu na indé thainic na fiacla aici
94. Níl a dhath ag gabhail ach cruth is toit. Caith do phíopa is bí do thost(leanann ar an chéad leathanach eile)