Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Liam na Sopóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus nuair a bhí Liam réidh d'iarr sé air teacht leis ach nuair a thug an diabhal iarraidh éirghe ní rabh sé ábalta ná bhí sé gaibhte. "Caithfish tú fanacht annsin go scaoilidh mise tú", ars' an gabha agus beidh fanacht fada ort". "Fanóchaidh mé ar shiubhal uait go cionn fiche bliain eile," ars' an diabhal, "má leigeann tú ar shiubhal mé". Thug Liam cean a chinn dó agus d'imthigh sé.
    I gcionn fiche bliain phill an diabhal arais agus iomlán a rabh de diabhail beaga i n-ifrionn leis. "Imtheochaidh tú indiu ar scor ar bith", ars'an diabhal le Liam. "Imtheochaidh", arsa Liam, gabhaigidh isteach. Caidé bhí sa doras an bocsa. Nuair a thainic na diabhail isteach ceapadh iad sa bocsa agus ní rabh siad ábalta teacht amach. Chuir Liam an clár ar an bhocsa agus ar seiseann, "ní bhfuigheadh sibh amach as sin a choidhche". "Má leigeann tú cead ár gcinn linn", ar siad-san, "ní thiocfaidh muid fá do choinne a choidhche". Thóg Liam an clár de'n bocsa agus d'imthigh siad uilig.
    Ní rabh sé i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair Liam bás agus siud suas é ag tarraingt ar na flaithis. Bhí Naomh Peadar ar an gheafta agus d'iarr Liam air a leigint isteach. "Is fada diolta leis an diabhal tú", arsa Naomh Peadar, "agus caithfidh tú gabhail chuige anois". D'imthigh sé ag tarraingt ar ifrionn agus nuair a chonnaic na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Liam na Sop (~74)
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Ainmneacha eile
    Niall Ó Domhnaill
    Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (ainm áitiúil)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall