Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 105
- XML “Liam na Sopóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar mo chathaoir gan é bheith ábalta bogadh go leigidh mise 'un siubhail é". "An tríomhadh ceann", ar seisean,"gach ar bith a rachas isteach in mo bhocsa gan é fagháil amach go mbainidh mise amach é." "Tá sin le fagháil amach go mbainidh mise amach é." "Tá sin le fagháil agat", arsa Naomh Peadar. "ach is olc a rinn tú gan aon cheann acu a iarraidh do de anam".
Nuair a d'imthigh Naomh Peadar cé tháinic isteach ach an diabhal, péire adharc air agus é ag tarraingt slabhra iarainn na dhiaidh. "Tá do chuid ama shuas", arsa an diabhal, ó tharla gur dhíol tú tú féin liomsa". "Maith go leor," arsa Liam, tá mé sásta. D'iarr sé ar an diabhal gabhail amach go dtí'n crann ubhall, ubhla a bhaint dó féin agus ceann dó-san a bhéadh siad ag ithe rompa ar an bhealach. Amach leis an diabhal fá choinne na n-ubhall ach níor luaithe leag sé a lámh ar an chrann ná ceapadh é agus ní rabh sé ábalta bogadh. "Anois", arsa Liam, "Béigh tú annsin go scaoilidh mise tú agus beidh sin tamallt maith". "Má scaoileann tú mé", ars' an t-óganach, "ní thiocfaidh mé do chomhair go cionn fiche bliain". Scaoil an gabha é agus d'imthigh sé.
Nuair a bhí na fiche bliain caithte thainic an diabhal ath-uair. Bhí Liam na shuidhe ag ithe a dhinneára. "Cinnte beidh tú liom an iarraidh seo", ars' an diabhal."Suidh ar an chathaoir go rabh mo dhinnear ithte agam",arsa Liam. Shuidh an diabhal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Ainmneacha eile
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall