Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 439

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 439

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 439
  3. XML “An Fear a Bhí gan Léine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear a Bhí gan Léine.
    Bhí fear 'n-a chomhnaidhe fá na híochtáir annso, fad ó shoin agus bhí sé iongantach sáidhbhir. Ach má bhí sé sáidhbhir fhéin, níor shábhail sin é. Bhuail breoidheacht [!] an duine bocht agus bhí sé go hiongantach olc. Cuireadh duine fá choinne an doctúra, ach ní raibh sé sin ábalta a dhath a dheanamh do. Fuarthas doctúir eile, agus ceann eile, ach is amhlaidh mar bhí sé ní raibh fear ar bith aca ábalta a dhath a deanamh do'n fhear a bhí ag éileamh.
    Bhí doctúir eile anns an cheanntair agus cuireadh scéala fá n-a choinne, agus tháinic sé. D'amharc sé ar an fhear a bhí 'n-a luighe. Nuair a bhí sé tamall dhá bhreathnughadh dubhairt sé nach raibh dadaidh ar an domhan le n-a léigheas ach aon rud amháin; sé sin, dá bhfuigheadh sé léine ó fhear nach raibh a dhath ag cur buadhartha air agus oidhche a chodladh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0844: The Luck‑bringing Shirt
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Duibheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall