Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 440

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 440

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 440
  3. XML “An Fear a Bhí gan Léine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    innti go mbéadh se léighiste.
    Cuireadh teachtaire ar siubhal sa bhomaite a chuartughadh na léineadh. Shiubhail an teachtaire leis agus ní'l aon fhear dá gcasaidh [?] air nach gcuireadh sé ceist air an raibh a dhath ag cur bhuadhartha air ach bhí rud éighinteacht ag cur bhuadhartha ar 'acha'n dhuine aca.
    Sá deireadh nuair a bhí sé tuairim agus ar dhá bhliadhain ar siubhal, bhí sé ag gabhail fríd ghleann mhór, aon lá amhaín agus chualaidh sé an ceol a ba' deise a chualaidh sé ariamh. D'amharc sé thart agus 'n-a luighe ar laftán fá ghiota do chonnaic sé fear bocht agus 'acha'n ailleóg cheoil aige.
    Dár leis an teachtaire tá mé ar dhruim na muice fá dheireadh. Chuaidh sé fhad leis an fhear bhocht agus chuir sé ceist air an raibh a dhath ag cur bhuadhartha air agus dubhairt sé nach raibh a dhath faoi 'n ghréin ag cur bhuadhartha air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0844: The Luck‑bringing Shirt
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Duibheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall