Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 359

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 359

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 359
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An droch leas-mháthair.
    Do chomnaidhe lánamháin óg sa cheanntar seo seal bliadhantach ó shoin agus ní raibh aca ach ach [!] aon ghasúr beag amháin. Nuair a bhí an gasúr bliadhain de aois fuair a mháthair bás agus i gcionn tamaill pós an t-athair bean eile. Bhí an leas-mháthair go hiongantach olc do'n ghasúr; bhí fuath na n-éag aici air.
    Lá amháin nuair a bhí an gasúr seacht mbliadna de aois dar leis an leas-mháthair go gcuirfeadh sí 'un báis é. Níor mhaith leithe fhéin é chur 'un báis ar eagla go bhfeicfeadh an t-athair í. D'imthigh sí an lá seo agus scríobh sí litir do, agus d'iarr air gan an litir a thabhairt do dhuine ar bith ach do'n fhear a raibh a ainm scríobhtha ar chlúdach na litre. 'Sé an rud a bhí sa litir ag iarraidh ar an fhear an gasúr a mharbhughadh nuair a rachadh sé fhad leis.
    Shiubhail an gasúr leis agus nuair a bhí giota fada siubhalta aige, tháinic bean fhad leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall