Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 499

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 499

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 499
  3. XML “Breaca Breac Breá Iníon Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Breaca Breac Bréagh Inghean Ríogh na hÉireann.
    Bhí rí agus bainríogháin ann fad ó shoin. Fuair an bhainriogháin bás agus pós an rí bainríogháin eile. Bhí triúr gasúr agus giorsach ag an chead bainríogháin agus nuair a fuair sí bás cuireadh na gasúraí isteach i gcaislean i bhfad ar siubhal agus fágadh an ghiorsach sa bhaile.
    Bhí triúr ingheanach ag an dara bainríogháin agus bhí siad i gcomhnaidhe ag troid leis an leas inghin. Chuirtidhe an leas ingean amach gach lá le mála bídh le rann ar na bochta agus is é an rud a bhí sí ag tabhairt an bidh chuig a cuid dearbhrataireach a bhí sa chaislean.
    Chuaidh an leas mháthair síos ‘un tobair fá choinne canna uisce agus casadh cailleach na gcearc uirri agus d’innis an chailleach dithe go raibh an leas inghean ag tabhairt an bhídh chuig na dearbhrathaireacha.
    “Cuirfidh mise cailín de mo chuid fhéin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall