Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 454

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 454

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 454
  3. XML “Colm agus ár Slánaitheoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Colm agus ár Slánuightheóir.
    Bhí fear ann fad ó shoin darbh’ ainm Colm agus bhí sé iongantach olc do na boichte. Lá amháin tháinic ár Slánuightheóir ‘un toighe chuige i gcosamhlacht fir bhoicht. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an cailín ag deanamh aráin, d’iarr sé gráinín de’n taosc uirri agus thug an cailín sin do. Chaith sé taosc isteach anns an teinidh agus d’fhás trí chrann mhóra amach ar an t-simleóir.
    Bhí Colm ag obair amuigh fá’n gharradh, chonnaic sé na crainn ag fás amach ar bhárr an t-simleóra, chuaidh sé ‘un toighe agus chuir ceist ar an cailín cé chuir na crainn anns an simleóir. Dubhairt an cailín nach raibh fhios aici ach go raibh fear bocht istigh tá tamallt ó shoin, go raibh sise ag deanamh aráin, gur iarr sé gráinín de’n taosc uirri; go dtug sí sin do; gur chaith sé isteach sa teinidh é, agus b’fhéidir gur sin an rud a rinn na crainn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0785: Who Ate the Lamb's Heart?
    AT1416: The Mouse in the Silver Jug
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Síghle Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    21
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall