Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 413
  3. XML “Colainn gan Ceann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Colainn gan Ceann.
    Bhí rí ann uair amháin agus bhí sé 'n-a thighearna talaimh fosta, agus bhí sé an-chruaidh ar na daoiní bochta. D'éirigh an rí seo suas anns an t-saoghal agus smaointigh sé go ndeanfadh sé caislean do n-a mhac nach raibh a leithid i nÉirinn. Thoisigh sé air, agus rinn sé caislean do'n mhac nach bhfacthas a leithid i nÉirinn ariamh. Chóirigh siad suas é agus an chead oidhche a chuaidh siad a luighe ann, bualadh dhá thaoibh an chaisleain ar a chéile. Scannruigh siad agus d'imthigh amach an méid a bhí ann a n-anam. Dhruid siad suas an caislean agus níor chodluigh siad a'n oidhche ann níos mo.
    Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí lá amháin bhí fear bocht ag gabhail thart, agus d'iarr sé loistín na hoidhche ar an rígh. Dubhairt an rí leis nach raibh áit aige do agus dá mbéadh go dtabhairfeadh sé sin do agus míle fáilte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall