Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 40
- XML “Domhnall Mac na Baintrí agus na Sióga Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Acht nuair a thug muintear Chonnachta dúil do’n ghiorsach theacht isteach. Chuaidh siad amach agus fuair siad í marbh sa t-sinc. Thug siad isteach í, agus rinne i fháire agus chur siad í, agus ní rabh fhios aca cáidé tháinig uirthí.
Thug Domhnall leis na bhaile í. Bhí sí na suidhe sa choirneáil bodhar boladh ar feadh bliadhna.
Bliadhain on oidhche Shamhna sin arsa Domhnall le na mhathair. “Sílim go rachaidh mé síos go bhfeicfidh mé cáidé tá na daoine-beaga deánamh anocht”. “Maise ars’n mhathair buadhain san oidhche ‘nocht a chuaidh tú síos a roimhe, agus is deas an feirín a fuair tú, creatúr bodhar boladh na suidhe sa choirneál”. Sé ach b’fheidir go bhfuigheann rud eiginteacht a léigheasadh í. D’imthigh sé, nuair a chuaidh sé síos bhí siad ag damhsa agus ag cur thart corn a bhí aca, agus dubhairt fear aca “Da mbéadh cuid de’n rud atá sa chorn seo, ag an ghiorsach a fuair muid anuraidh ní bhéadh sé abhfad go ndeánfadh sé biseach dithe. Bhí Domhnall na sheasamh i gcúl an dorais agus nuair a tháinig an chorn thart go dtí an doras, bheir Domhnall air agus ar shiubhail suas na bhaile leis. Thug sé do’n chailín é agus rinne biseach dithe.
Pósadh an bheirt acu na dhiaidh sin, agus lá amháin chuir Domhnall ceist uirthí ar mhaith leithe dhul a d’amarc ar a h-athair agus ar a mhathair.
Dubhairt sí gur mhaith, gléas siad iad fhéin, agus d’imthigh leo tarrainht ar chonnachta. Nuair a chuaidh siad annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Nic Cnaimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall