School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 40

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 40

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 40
  3. XML “Domhnall Mac na Baintrí agus na Sióga Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Acht nuair a thug muintear Chonnachta dúil do’n ghiorsach theacht isteach. Chuaidh siad amach agus fuair siad í marbh sa t-sinc. Thug siad isteach í, agus rinne i fháire agus chur siad í, agus ní rabh fhios aca cáidé tháinig uirthí.
    Thug Domhnall leis na bhaile í. Bhí sí na suidhe sa choirneáil bodhar boladh ar feadh bliadhna.
    Bliadhain on oidhche Shamhna sin arsa Domhnall le na mhathair. “Sílim go rachaidh mé síos go bhfeicfidh mé cáidé tá na daoine-beaga deánamh anocht”. “Maise ars’n mhathair buadhain san oidhche ‘nocht a chuaidh tú síos a roimhe, agus is deas an feirín a fuair tú, creatúr bodhar boladh na suidhe sa choirneál”. Sé ach b’fheidir go bhfuigheann rud eiginteacht a léigheasadh í. D’imthigh sé, nuair a chuaidh sé síos bhí siad ag damhsa agus ag cur thart corn a bhí aca, agus dubhairt fear aca “Da mbéadh cuid de’n rud atá sa chorn seo, ag an ghiorsach a fuair muid anuraidh ní bhéadh sé abhfad go ndeánfadh sé biseach dithe. Bhí Domhnall na sheasamh i gcúl an dorais agus nuair a tháinig an chorn thart go dtí an doras, bheir Domhnall air agus ar shiubhail suas na bhaile leis. Thug sé do’n chailín é agus rinne biseach dithe.
    Pósadh an bheirt acu na dhiaidh sin, agus lá amháin chuir Domhnall ceist uirthí ar mhaith leithe dhul a d’amarc ar a h-athair agus ar a mhathair.
    Dubhairt sí gur mhaith, gléas siad iad fhéin, agus d’imthigh leo tarrainht ar chonnachta. Nuair a chuaidh siad annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Gráinne Nic Cnaimhsighe
    Gender
    Female
    Age
    36
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal