Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí dó "Ciaca is fearr leat an tuirtín mór agus mo mhallacht nó an tuirtín beag agus mo bheannacht?" Dubhairt Seán gurbh fhearr leis an tuirtín beag agus a beannacht. Thug sí dó an tuirtín agus bhí sí ag steallamh beannacht 'na dhiaidh gur ghlan sé as amharc.
Shiubhail Seán leis go dtáinig sé fhad le teach gabhann. D'iarr sé ar an ghabhainn claidheamh a dhéanamh dó, rud a rinne in easgaidh, nó ní raibh airgead ar bith ag Seán. Bhuail sé bóthar arís gur casadh fear air. Bhuail siad 'un comhraidh agus dubhairt an fear go raibh seisean ar lorg buachalla. Dubhairt Seán go raibh sé féin ar lorg maighistir. Rinne siad margadh; Seán le bheith ag buachailleacht bó.
D'innis an fear dó gur rí a bhí ann féin agus gur ghoid fáthaigh an mac amháin a bhí aige. D'innis sé fosda go raibh párus na bhfáthach comhgarach ag an áit a raibh aigesean leis an bhuachailleacht a dhéanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall