Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sin ann agus is fad ó bhí, baintreabhach agus a mac amháin beo go bocht i dteach beag ceann tuigheadh. Seán a bhí ar an mhac agus bhí sé iongantach fallsa. Shuidheadh sé lá indiaidh lae ag amharc ar a mháthair ag déanamh a chuid oibre.
Lá dá raibh an mháthair ag cuartú ádhbhar teineadh cé tháinig isteach ach cailín ón chomharsantacht. Thoisigh an mháthair ag innse don'n chailín caidé comh fallsa agus a bhí Seán. "Arú!, leig dó,' arsa an cailín" nach bhfeiuceann tú go bhfuil an bás ar iompar leis."
Léim Seán as an luaith agus bhain crochadh as féin. " níl bás ar bith ormsa,",deir sé agus siúd amach ar an doras leis agus thug leis tuagh agus níor stad sé gur ghearr sé oiread adhmaid agus ' rinne gnoithe seachtmhaine.
Maidin lá thar na bhárach nuair a d'éirigh sé dubhairt sé go raibh seisean a' dul a shaothrú a chodach. Rinne sise dhá thuirtin aráin agus nuair a bhí sé ag imtheacht d'fhiagruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall