Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 372
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thomaigh an charraig ann agus bhí an dearbhráthair mar bhí sé ariamh ach dubhairt sé gur chodluigh sé tamall bréagh. Tomadh na carraigeacha uilig agus phill siad fhad le caisleán an ríogh an dá mhac, an dá chapall bán, an dá choin agus an dá sheabhac.
Chuir an rí céad míle fáilte rompu ach i ndeireadh na dála d'innis sé do'n mhac ab'shine go dtug an chailleach Tarnochta leis a bhean. D'imthigh seisean ar an bhomaite agus thug leis a chapall bán, a chú dhubh agus a sheabhac.
Shiubhail sé go dtáinig neoin bheag agus deireadh an lae go bhfacaidh sé solus, teach beag a bhí sa choillidh agus chuaidh sé isteach. Bhí fear beag ribeach ruadh 'na shuidhe ag an teinidh. D'fhiafruigh Mac Chonaill do a bhfaca se péire ag dul thart. Dubhairt an fear beag go dteachaidh péire thart leath uair ó shoin. D'éirigh Mac Chonaill le himtheacht ach d'iarr an fear beag air fanacht go maidin agus go rachadh seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall