Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 368

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 368

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 368
  3. XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gruaige dó le hiad a cheangal. D'fhiafruigh sí dó annsin ciaca le corraidheacht nó greimeanna cruaidhe chlaidhimh a throidfeadh siad.
    Throid siad le claidheamhacha agus nuair a bhí an chailleach a' fághail na buaidhe sgairt Mac Chonaill " Cuidigh!, cuidigh! a chapaill."
    Sgairt an chailleach." Teann!, teann! a ribe."
    Arís sgairt sé " Cuidigh!, cuidigh a chú!" Arís sgairt sise; Teann!, teann! a ribe."
    Sgairt sé arís Cuidigh!, cuidigh!, a sheabhaic.
    Sgairt sise arís Teann!, teann!, a ribe.
    Nuair a d'amharc Mac Chonaill thart bhí na cinn de'n tseabhac, de'n choin agus de'n chapall. Annsin chuaidh an chailleach in airde de léim agus rinne carraig cloiche de Mhac Chonaill, carraig cloiche de'n choin agus carraigeacha cloiche de'n chapall agus sé'n tseabhac fosda.
    Lá 'na dhiaidh seo bhí an mac a d'fhan sa bhaile ag amharc isteach i dtobar a bhí ag taoibh an toighe agus chonnaic sé go raibh fuil ar uachtar agus mil ar íochtar an tobair agus d'aitheann sé go raibh an dearbhrathair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall