Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 366
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé gur casadh air an triomhadh fáthach ag teacht le tarrtháil ar a dhearbhrathair, nó chualaigh sé na gártha troda eadar é féin agus Mac Chonaill. Ba mhillteanach an gnúis a bhí air agus a chúig chinn air ach nuair a nocht cinn na ndearbhráthair ba sgánruigheach an dreach a tháinig air agus an uaill a leig sé chraith sé an choill agus lúb sé achan chrann innti.
Thoisigh an troid. Rinne siad bogán den chreagán agus creagán de'n bhogán agus achan éan a thiocfadh as uachtar nó íóchtar an domhain is a' amharc ar an dís a thiocfadh siad. Tráthnóna d'éirigh an gaisgidheach suas naoi n-eite agus naoi nacraí ins an aer agus tháinig anuas ar an fháthach agus mharbhuigh é. Bhain sé na cúig cinn de agus chuir ar a mhuin iad agus phill fhad leis an ríogh. Bhí an-luthgháir ar an rígh roimhe nó b'fhada siar an droch mhian a bhí eadar é féin agus na fathaigh. Thug an rí a ingean dó le pósadh agus bhí bainfheis aca a mhair lá agus bliadhain agus b'fhearr an lá deireannach nó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall