Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 353

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 353
  3. XML “Séamus agus na Marcaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chaith Séamus an chloch bheag ag na chosaibh agus las an teine mhór go mullach an toighe ar a bhomaite.Sin an áit a raibh an tamacháisg, daoine ag rith isteach, daoine ag rith amach agus sa deireadh tháinig an Pápa é féin fhad le Séamus agus dubhairt go dtabharfadh sé rud ar bith ar an domhan dó ach an teine a mhúchú.Thóg Séamus an chloch agus mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile chuaidh an teine as, d'imthigh an toit agus bhí achan seort mar bhí aroimhe. D'iarr Séamus a aithchuinge agus thoisigh na cairnealaigh uilig ag rith ag déanamh freastala ar an Phápa le páipéar, dubhach agus pinn a fhághail réidthighe le Séamus comh géar, gasta agus thiocfadh leo. Thóg Séamus an páipéar, thug buidheachas do'n Phápa agus chuaidh arais chuig na marcaibh, bhí siadsan ag fanacht air.
    Rinne an ceannphort fead agus i bpreabadh na súl bhí an t-iomlán ar shiubhal, fríd shléibhte, fríd choilltibh, síos gleanntain, fríd an uisge, giota ar bhóthar, giota ó'n bhóthar, go dtí sa deireadh thiar thall chonnaic siad uabhtha caisleán mór óir.
    "An aithnigheann tú an áit seo?", arsa an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eadmonn Mhac Eitheogáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall