Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 341
- XML “Scéal Loch Finne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ba bhréagh an chú í. Loinnseach ba hainm di ach níor bhfiú dadai í le taoibh na cráine. Mharbhuigh sí an chú agus tugadh Srath Loinnsighe ó shoin ar an áit a marbhadh í.
Ní raibh sí ach réidh le Loinnseach nuair a tháinig an darna cú ar amharc agus thoisigh an tóir úr nua. Giota maith siar dheas ón áit a thuit Loinnseach thionntuigh sí ar an darna coin. Ba bhréagh an cú í An Grádhchú a b'ainm dí ach indiaidh troda fhíochmhaigh a dhéanamh mharbhuigh sí an chú bhocht. Tugadh An Gradhchú ó shoin ar an áit sin. Bhí an tríomhadh cú anois chóír a bheith aca agus theith an chráin arís o dheas agus nuair a bhí sí ag éirigh sáruighthe thionntuigh sí agus thug aghaidh ar an choin seo.Ionnfath b'ainm di seo agus rinne sise an troid a ba chrogaighe de'n iomlán nó bhí an sean chráin 'na péicibh deireannacha aici nuair a tháinig an Fear Ghamhain fhad leo agus mharbhuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann