Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 332
- XML “Oileán Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rinne cuirim mór a mhair lá agus bliadhan. Tugadh an stail ghorm dóibh agus trí bheithigh eile de'n chuid is fearr ar an domhan.
'Teacht ar amharc an bhaile dóibh bhí fuaim na gclog comh mór sin gur chualaigh an bhainríoghan é in áit a raibh sí ar fad thuas ar mhullach an tsimléair. Thug sí iarraidh anuas ach thuit sí agus briseadh a muinéal. Cuireadh fáilte mhór rompu agus lúthgháir a' domhain ar an athair rompa agus seacht n-oiread air go bhfuair sé réidhtighe leis an droch mhnaoi agus níór dhadai an féasta a bhí aca ag Rígh Dubh an Ghleanna le taoibh an ceann a bhí aca 'sa bhaile. Mhair sé seacht mbliadhan agus seacht lá agus b'fhearr an lá deireannach nó an chéad lá.ó Sheán Mhac Gloinn, Loch Eirig, nach maireann.
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall