Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 307
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an digh a bhéarfadh codladh sámh dóibh uilig go maidin.
Ach chuir Gráinne deora codlata ins na gloinnibh uilig ach gloinní Dhiarmada agus Oisín. Ní luaithe é ólta ag na Fiannaibh nó thuit siad uilig siar ina gcnapaibh codlata. Annsin tháinig Gráinne fhad le Diarmuid agus Oisín agus d'iarr orra í a shábháil ar an phósadh seo.Ní dhearn ceachtar aca dadai ach éirigh agus imtheacht leithe. Shiubhail siad rith na hoidhche go raibh siad ar an Chluainigh ( Cill Chluainigh anois). Chaith siad an oidhche annsin agus thug Diarmuid leis mála gainimhe ó'n tráigh agus d'imthigh siad go Cárna a' Mhaoin,chuir siad suas croimleac annsin agus mála an ghainimh air agus luigh go maidin.Nuair a mhusgail na Fianna ar an darna maidin as an chodladh agus croinnéadh Diarmuid agus Gráinne agus Oisín chogainn Fionn a ordóg feasa agus dubhairt gur i gCill Chluainigh i dTír Chonaill a bhí siad agus d'imthigh an tóir. Ag fágáil Carn 'na' Mhaoin dobhthasan thug(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall