Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 285
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go fóill, agus lag ann ar chosúlacht léineadh.
Sa deireadh smaoitigh Conán gur dhona an scéal é go dtiocfadh na Lochlannaigh orthusan faoi bhuntáiste mhór le harm agus éideadh agus gan acusan ach na doirn agus sé an rud a smaoitigh sé air, tine a lasadh ar Ard an Fheannaidh agus go bhfeicfeadh na Lochlannaigh í agus go dtarraingeodh siad air ag dréim gur a bhunadh féin a bhí ann. Las sé an tine ar a bhomaite; bhí neart fraoich bhreá thirim ann fá choinne cócaireachta a dhéanamh. I gceann bomaite bhí na bladhairí ag dul suas ins an spéir. Chonaic na Lochlannaigh í agus tharraing uirthi.
Bhí na slóite acu ag bun an tsrutháin nuair a chonaic na Fianna iad. Lig siad na scairte astu agus síos taobh na habhna leo, achan fhear agus ualach cloch leis.Bhí siad ar mhullach na Lochlannach sular aithin na Lochlannaigh gur naimhde iad.Bhí siad ar fad ag dréim go raibh siad ag dul fhad le dún Lochlannach ó chonaic siad an tine agus ní raibh arm nó éideadh le haon duine acusan ach oiread. Thóg siadsan na clocha fosta agus thosaigh an troid. Ní bréag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann