Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Mar Fuair an Sealgán an tAinm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    no a corrú. Ba annsain a dubhairt Oscar an rud a maireas go dtín lá seo “Má sháthruigeann sé orraibh an torc a thabhairt go dti’n teine, ní sháthrochaidh se orraibh an teine a thabhairt go dti’n torc” Tugadh an teine go dti’n torc agus rósadh an torc. Mhair se doibh trí no cheathar de [laethibh]?
    Bhí an seachtmhainn coir a bheith caiththe agus ba mhaith leobhtha lá sealga a sheánamh sul a nimthighfheadh siad. Rinne siad sin an lá a ba mo sealga [sá]? dtearn siad ariamh. Thainig siad arais tráthnóna agus na fir cóir a bheith marbh leis na luglaighibh mhilltean acha a bhí leo. bhí ceithre sgór dé fhiadhthaibh leo, agus trí sgór de eilit’ mhaoil’ trí céad broc, agus chuaidh se thar chunntas an meid de gearr-fiadha’ibh agus éanlaith a bhí leo. Ba e sin an lá a ba mhó sealga a rinneadh areamh in Eirinn.
    Ar bhruaich na locha Gile cuir siad suas an campa agus tá an marc ann go fóill. Ar maidin nuair a bhí Fionn ag imteacht dubhairt sé go náthsochadh sé ainm an ghleannai. Tug se “An Sealgan” air, agus “Gleann na Sgáth” a bhí air roimhe sin.
    Sin mar fuair sé an tainm “An Shealgán”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Inscne
    Fireann