Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “An Mhuc Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Béidh an bunnóg seo libh agus nuair a tcidhfidh sibh an fáthach caithigidh an bhunnóg seo idir an shúil air agus tuitfidh sé marbh. Gabhaigidh sibse isteach ar an oilean annsin agus glacaigidh seilbh air. Is dearbhrathar damhsa an fathach, agus nuair a chaitheas sibhse an bhunnóg air, béidh fhios aige go bhfuil mise marbh, agus tuitfidh seisean marbh fosta. Cuireadh faoí geasa muid agus cuireadh ‘sa riocht seo muid go mbrisfidh na geasa.
    Rinne na páistidhe gach rud mar a d’iarr an Muc Alt. Thug siad an bhunnóg leobhtha. Chuaidh siad síos go béal na tuinne. Bhí na maidí annsin mar a dúbhrais. Chuaidh siad amach ortha agus ní rabh sé i bhfad go bhfacaidh siad bád mór. Cuireadh ar bórd iad agus ní rabh siad i bhfad ag seóladh go dtainig siad fhad le oileán. Bhí fathach mór ‘na seasamh air. Chaith duinne aca an bhunnóg idir an dá shúil air agus thuit sé marbh. Chuaidh siad isteach ar an oilean agus bhí caislean deas annsin, agus gach rud ní ba deise na cheile. D’fan an triúr annsin agus ghlac siad seilbh ar gach rud.
    Anois nuair a chonnaic an fear go rabh a bhean a fághail bháis chuir sé sgaifte de chuid searbh [fhoghantuidhe]? amach a chuartughadh go bfuaireas an Mhuc Alt. Marbhadh í agus fuair a bhean an croidhe agus fuair sí biseach. Shaoil sí anois go rabh go maith nuair a fuair sí an muc alt as a casan acht ní mar a shaoiltear a bídhtear.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire (Seán) Ó Beirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall