Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 74

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 74

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 74
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Iarrfar ort fanacht an oidhche seo ‘sa teach, agus dean sin, agus béidh mise ag fanacht leat taobh amuigh ar maidin amárach. Nuair a chuaidh sé isteach ‘un toighe bhí céad mile fáilte ag an t-sean duine roimhe. Thug sé a shuipear agus leabaidh dó le luighe air. Nuair a bhí an suipear thart d’fiafruigh mac an Ríogh dó’n sean duine cá rabh an t-éan le fághail. “Níl fhios aghamsa” arsa seisean, acht “tá déarbhrathar agham ‘na chomhnuidhe fá thuairm siubhail láe ón áit seo, agus is dóiche go mbéidh seisean ábalta sin a’ innse dhuit”. Ar maidin lathar na bharach d’imthigh mac an Ríogh ag tarraingt ar theach an fir seo. Bhí an madadh ruadh ag fanacht leis taobh amuigh - an áit ar fhag sé é an tráthnóna roim’ sé. Shiubhail an bheirt an lá sin go rabh an dubh oidhche ann agus ‘sa deireadh thaisbhean an madadh ruadh teach beag dó - an teach ceadna a rabh déarbhrathar an tsean duine ann.
    Chuaidh se isteach agus fuair sé sean duine ‘na shuidhe istoigh annsin a bhí trí h-uaire níos sine nó’n fear eile a d’fág sé. Chuir sé fáilte roimhe, agus thug a shuipear agus leabaidh dhó. D’fiafruigh mac an Ríogh dó a gcuideochadh sé leis an t-éan a fhághail, agus ‘sé an rud a dubhairt sé go rabh dearbhrathar aige a bhí na chomnuidhe fá thuairm siubhail lae ón ait, agus go rabh sé i bhfad níos sine no eisean agus go mfheidir go mbéadh seisean ábalta innse dó.
    Ar maidin lathar na bharach, d’imthigh se ar lorg an dearbhrathara seo. Bhí an madadh ruadh ag feitheamh air s’an áit ar fhág sé é an tráthnóna roimhe. ‘As go brathach leis an beirt. Shiúbhail siad an lá sin fosta go dtainig siad fhad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall