School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 5

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 5

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 5
  3. XML “Úna Ní gFionnlaigh agus na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Úna Ní gFionnlaigh agus na Daoine Maithe"
    Bhí giorsach bheag i Málainn bheag fad o shoin ar bh'ainm dí Úna Ní gFionnlaigh. Maidin Domhnaigh amhain bhí sí ag dul amach 'na Dúin a bhuachailleacht. Nuair a bhí sí ag dul thart bruach na Trágha Báine chonnaic sí an scaifte buachaill ag imirt caman shíos ar an Tráigh. Connaiceas dí go rabh siad ag crathadh síos uirthi. D'fhág sí na ba agus síos leithi, acht do réir mar bhí sí ag tarraingt ortha bhí siadsan ag imirt siar an Tráigh, agus bhi sise da leanamhaint . Ins an deireadh thainig siad fhad leis an t"Sróin Mhór" agus isteach leobhtha ann. (Carraic mór mar srón seo.) Bhí seomra galanta istoigh ann agus nuair a chuaidh Úna isteach thug an bhean a bhí istoigh ceapaire duithe acht go díreach nuair a bhí Una a dul a bhaint plaic as an cheapaire sgiob sean-bhean bheag ruadh isteach ar an doras agus buail "slap" 'sa leicinn oirthí agus arsa sise "Na h-ith nó na h-ól annso acht go abhaile agus abair le do mháthair an t-uisce atá sa chrúiscín donn atá crochta ag taobh na leaptha a cuir ort gach uile maidin." " Is daor a cheannaigh mise thu" (ar sise).
    Thainig mé rith a bhealigh as Cruach Connacht le thú a shabhail. Chuaidh an giorsach abhaile agus d'innis an scéal do a máthair. Is cinnte go dtearn sí dearmad an t-uisce coisreacan a cuir oirthi féin an maidin seo, acht cha dearn sí dearmad do seo a dheánamh ós lá sin go dtí an lá a fuair sí bás. Tá an áit seo iomráidhteach a bheith 'na áit uasal go dtí la indiu.
    .
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish