Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ba léir gur rabh sé ag coimhead oirthi ó thainig sé amach as an bhád. Ní rabh siad ibhfad ag cainnt nuair a d’fiafruigh sé dí a bpósadh sí é. Pósad iad tamall ina diaidh sin. Lá amhain nuair a bhí siad tamall pósta chonnaic sé scian aicí, agus d’fiafruigh sé dí ca bhfuair sí an scian. “Sin scian liomsa” ar seisean.
“Chaill mé an scian sin oidhche amhain bliadhnta ó shoin” arsa seisean, “agus is maith is cuimhnec liom an oidhche cheadna”. “Bhí mé shuas ar an chrann oidc’e Samhna amhain ag leasú rópa. Bhí an scian sin in mo láimh, agus thainig mearbhlán in mo cheann. Thuit mé anuas i gcnap laige ar an bhád. Nuair a mhusgail mé bhí mo scian caillte agam, agus ní fhaca mé í o’n oidhche sin o shoin go bhfaca mé agat fa anois í.- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall