Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear an laidir i Málainnbheag fad o shoin ar b’ainm de Micheal O’Beirn. Bhí Micheal ‘na “bully” agus ar an adhbar sin bhí iomradh thoir agus thiar ar laidireacht Mhichil, agus ar na gníomha móra a ghnidheadh sé.
Ins an am sin theidheadh fear thart ó ceanntar go ceanntar ag cur troda ar fear ar bith a bheadh iomradhteach fá na chuid laidireacht agus baile ar bith a dtiocfadh “bully” aca seo ann, agus fan fear an bhaile sin a bheith ábalta é a bhuaileadh, chaithfeadh bunadh an bhaile cúig phunta de cháin a díol leis. Chruiniugadh bunadh an bhaile an cháin seo o theach go teach.
Thainig fear aca seo go Málainnbheag i n-aimsear Mhichil Ui Bheirn. Bhí Micheal ag treabhadh ar an Dún an lá a thainig sé. Amach leis ‘na Dúin agus d’fiafruigh do Mhicheal an dheánfadh sé coraidheacht leis. Dubhairt Micheal go ndeánfadh
Ní rabh beilt ar bith ag Micheal le na bhrístí a chongbhail suas agus scaoil se tugthaí an chapaill agus chuir thara fá ‘na bhasta é.
Thosuigh an bheirt a choraideacht annsin, agus bhuail Micheal an fear coimhtigheach, agus bhris trí asna ann.
D’imthigh an fear abhaile briste bruidhce brónach acht bhí luthghair an domhain ar múintear Mhálannabighe agus chuaidh gáir fá laidireacht Mhichil níos suide no chuaidh sé fhéin, – de barr troda an lae sin.- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall