Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Amhrán Grá”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Grá (ar lean)

    A' bhfacaid tú, na a gcuaifaid tú an buachaill a chráidh mo chroidhe

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Críochnuigh thusa an Fhóghmhar go dóigheamhail agus fan mar tá
    Ní leitid da bhfuil beo thú, gus ar ndoighe nach tú mo ghrádh.
    V
    Thug mise spéis dhuit agus gan éifeacht agam da aois
    Thug mé an darna spéis duit na dhiaidh sin gan mhoill airís
    Ní sgairfidh an dá spéis ó na cheile go Fonmhar a choidhch
    Go bhfeicidh mé agam fhéin tú a ghrádh geal mo chroidhe.
    (Críoch)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Paidir do “oidhche i gcionn na bliadhna”.
    Beannuigh sin a Dhia, beannuigh ar mbiadh a’s ar ndeoch Íosa ‘ cheannaigh sinn go daor saothruigh sinn ar ach uile olc,
    Bail na gcuig n-aran agus a dá iasc ar na cuig míle do rann Dia
    Rath an Ríogh a rinne a rann go dtigidh ar ar gcuid a’s ar ar gcomhra.
    Paidir indiaidh bídh.
    Glóir agus moladh agus buideachas do Dhia le muid a bheith seacht n-uaire níos fearr bliadhain ó’n oidhche anocht a thaobh ar n-anam agus ar gcuirp ins na grásta is mó agus ins na peacaidh is lugha. Teas-grádh dé agus grádh na gcómharsannaigh a dhórtadh ann ar gcroidhe.
    “Glóir agus altughadh agus buidheachas do Dhia”
    “Go mbuanaigh Dia beo slán sinn le préataí na h-ath-bhliadna a ithe”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge