Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “An Mac Tíre agus na Gabhair”
  4. XML “Tortha Draoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An boc :- “Deán fiafruigh ort”
    Thug an mactíre iarraidh air, agus thug an boc thart a cheann. Chuir sé a adharc i bhfasta i dtaoibh an mhactíre. Stroc sé an taobh uilig as, agus leig sé amach an gabar, an meannan agus an mhinnseach agus thainig an ceatrár anuas abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I
    Níl or buidhe ar phláta na seod a bhreaghtha é,
    Ó thobar Ríogh an dálaigh go baile loch a Ríogh,
    Nach dtabhairfinn de mó grád geal ar aon phóg amháin
    Leis an athrainn atá ann mó lár a thógail díom.
    II
    Nach buadhartha bocht a cás a bheith dubailte i ngrád
    Le plúr na mban bán agus a brollach min
    ‘S gur ar maidin lá fheil’ Padraig a sgar mé le mo ghrádh.
    Mo chuig céad slán leithe go Tórtha Draoí.
    III
    A mháire bheah a mhuirnin gluais agus bhí liom,
    Agus fág Mac Uí Luain ar a chúl ins an Fhraoch
    Ma bhíonn cumhaidh ort na galar dúnta
    Siubhailfidh mé go ciúin, ciuin le do thaoibh.
    IV
    Rachainn ar mo ghlúnaibh duit le h-umhlaidheacht
    A mhaigdean mhúinte agus a bhrollach bhán
    Ar áirgughadh suas dúinn barr na h-úir-choill
    Slán gan chúmhaidh le mo cailin bán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.