Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an bhunadh ar leobhtha é sul a bhfuigh mise suaimhneas na siorruidheachta”. “bfeidir nach gcreidfeadh d’athair an sgéal sin uaim” ars an saighdiuir.
“Rachaidh mise i mbannuigh go gcreidfidh na bheirfidh mise leitir duit agus an cunntas uilig ann, agus ar ndoighe aithneochaidh sé lorg ins láimha”
Dimthigh an fear dubh annsin agus bhain an saighdiuir teach a mhaighistir amach agus leitir leis.
“Sin lámh - sgribhinn mo mhic cinnta go leór”, ars an maighistir, “agus deanfar gach rud d’ar iarr sé”. Thug sé tuarastal na h-oidhche do’n t-saighdiuir, agus d’iarr air a dhul amach fríd a tír leis a sgéala. Chruinnigh na teanantaidhthe fuarthas amach caidén méid de bharraidheacht a baineadh dé achan duine. Nuair a bhí deireadh sásta bhí solathar maith fágtha, agus tugadh chéad eile de’n t-saighdiuir.
Bhí an saighdiuir ar a shamhain shuilt anois ma bhí ariamh bhí leitir a Ríogh leis agus saidhbhreas airgid, agus ní bheadh sé a bhfad eile go mbéadh sé na oifigeach ar an arm. Dána go maith a bhí sé a tarraingt ar a bheiric. Bhuail sé go trom ar an doras. “Ca bhfuil an Paymaster”, arsa seisean, “Tá mise arais fa choinne mo naoi bpígne, agus ní eiteochfar mé a trip seo. Fuair sé na naoi bpígne, acht ma fuair fhéin ní rabh buidheachas ar bith aige ar an Paymaster de thar a bheith. Bhris sé an fear sin agus na h-oifigí eile uilig comh maith. Rinne sé oifigí de na comrádaidhthe s’aige agus bhí sé fhéin na ceannport ortha uilig.
(Críoch)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall