Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fear uasal “acht mholfainn duit gan a dhul da chómhair. Na tá eagla orm go mbéidh tú shíos leis”.
“Níl le pilleadh mo chladhaire a thainig mé an fad seo”, ars an saighdiuir agus chuaidh sé un tosaigh. Bhuail sé ar an doras agus thainig an doirseoir amach. “Caidé do bhuaidhreadh” arsa seisean.
“Tá” ars an saighdiuir “thainig mé le [c soid?] a dheánamh leis a Righ fa naoi bpigne de mo pháighe a choinnigh an Paymaster [uaim?]”.
“Mar in[?]ntighidh tú amach as seo go gastha ars an doirseoir caillfadh tú níos mó na naoi bpigne na bainfear an ceann dioth. Ar shiubhal leat anois”.
“Níl an fear faoin Righ a dtiocfadh leis sin a deánamh liom”,
Ars an saighdiuir: acht mé comhthrom na féinne a fhághail níl binn agam ar an fhear sa Rioghacht. Dheamhan corr a dheánfasme indiu no i mhbárach go bhfághaidh mé ‘an cainnta leis a Righ. Iarr ar a theacht amach mar bhfuilfear ag dula do mo leighint isteach”.
Ní rabh a bhfad go rabh an doirséoir arais agus sgéala leis nach tabharfadh an Rí éisteacht ar bith dó agus é a imtheacht faoi na ghnoithe na go gcuirfidhe ‘ur báis é agus gan abhfad go dtí é.
Níl a dith orm sa acht mo cheart mo naoi bpigne, agus da dtuitead an teach fa mo chluasa ní chorrochaidh mé as áit na mbonn go bhfaghaidh mé sécomh de chineal eigonteacht. Iarr arais air a theacht amach agus nach gcoinnighim abhfad é”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall