Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “An Saighdiúir ar Coinníodh na 9d uaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí saighdiuir ann uair amhain agus nuair a bhí an Paymaster go dhíol choinnigh sá 9 bpigne uath. “Caithfidh mise mo pháighe a fhághail go ceart”, ars an saighdiuir, na mur bhfuigh ní stadfaidh mé go gcuirfidh mé mo chás roimhe an Ríogh. “Ma theidheann tú a chómhair an Ríogh crochfaidh sé tú”, ars an t-oifigeach. Níl binn agamsa air, nó ar aon fhear eile i nÉirinn na i n-Ifrionn”, ars an saighdiuir, agus ghread se leis.
    Ar an bhealach bhuail cóiste agus dhá bheathach suas leis. Fear uasal d’réir chosamhlacht a bheadh an tiomanaidé agus ní rabh aon duine leis. Ma tá tú a dul a bhfad tar aníos annseo ag mo thaoibh” ars an fear uasal. Taim buidheach duit na tá mo thuras abfad”, ars an saighdiuir, agus thoisigh sé agus d’innis sé don fhear uasal fa’n éagchoir a rinneadh air, agus go rabh sé ar a bhealach a dheánamh caisoide le Rígh na tíre.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0952: The King and the Soldier
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Áighe, Co. Dhún na nGall