Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “An Scoláire Bocht”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mháireach tháinigh sé thar nais agus thug greim le n-ithe don bpáiste. "D'aon t-aos atá agat" arsa an scoláire bocht leis. "Táim chead bliain d'aois" arsa sé "agus dá mbeinn bliain eile gheobhainn siúl". Bhí abha mór ag gabháilt leastiar d'áitreabh na bhfathach seo. Dúirt an scoláire leis an leanbh go dtabharfadh sé amach é. Thug agus caith sé an cliabhán agus an páiste leis an abhainn. D'iompaigh an páiste air agus dúirt "É a mhic a rí ó Éire níor láir duit an obair atá déanta agat". Tháinigh sé isteach agus chuir culaith catha air. Bhí culaith catha ag crocadh taobh thiar de gach aon each a bhí sa stábla. Tiomán sé a cuid ba abhaile agus d'fhág sé fén bhfeirmeoir agus a bhean tighe iad a crú. Tháinigh an scoláire thar nais go dtí áiteabh na bhfathach agus sin é mo scéal agus má thá bréag ann, bíodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear in Eochaill roinnt bliadhanta ó shin gur b'ainm dó Seán Treó an Leathair.

    Bhí fear in Eochaill roinnt bliaina ó shoin gurb ainm dó Seán Treó an leathair. Bhí siopa leathair aige. B'é aimsir na mbanríon é agus bhí sé ag rialiú na dtuaithe. Bhí cuid dá cuid fear in Eochaill. Chuaidh cailín den bhaile mór isteach go dtí Seán Teó fé dhéin paiste leathair d'á bróig agus idir an dá am tháinigh feirmeoir ó Co. Corcaigh agus capall agus truchaill aige. Tharraing sé suas go siopa Seán Treó. Cheangail an fear córda an chapaill timpeall na h-ainmhí agus d'fhág ansan ar thaobh na sráide é. Tháinigh fear na banríona agus rug sé ar ceann an chapaill. Tháinigh Seán Treó amach agus d'fhiafraigh sé de cá raibh sé ag tabhairt an capaill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.