Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 045
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuil sé annuas treasna an b'éil mé
Bhain sé dhíom mo chaint agus in éisteacht in aonfeocht
Chuir sé tríom an saighead ba ghréine
Tré mo chroí gur thóg den t-saol mé.Thóg sé leis mé tré chnoc is tré sléibhte
Tré curraithe boga tré coillte aonair
Gur thug sé amach ach ar an mbóthar réidh mé
Bhí fada fairsing gur leathan le féachaintNí raibh cumas dom feachaint ar aon taobh díom
Gom cosa cortha agus mo chroí 'gá raobadh
Gur thug sé mé i gcomhair Cúirt na Féile
Mar a raibh ceolta patathais á sinneamhaint le pléisiúr
Ba mhíle binne ná ceol na n-eanaibh
Bheadh i gcoill lá aoibhinn gréine.Tógadh suas mé ar bhinnse an pléidhte
Tháinigh Micheál Naomhtha taobh liom
Beatha an anama idir a mhearaibh
Agus be ghairid go rabhadh im dhaonadhLabhair Muire lena h-aon Mhac
Dúirt sí radharc ifrinn aspáinne dom ar bheagán péineach
'S mé casadh arís ar an saol seo
Dar ndóigh a daoine is mé bhí buidheach di.(leanann ar an chéad leathanach eile)