School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 006
  3. XML “Aonach an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí nós san áit ar feadh mílte thimpeall dá raghadh buachaill óg fé dhéin gearrchaille chun pósta ní bheadh aon mheas ar an mbuachaill sin mara mbeadh sé féin agus a mhuintir tar éis bobhtaí móra bpingin thabhairt ar na h-aontaighe. Is minic ansan go dtagadh brighean a b'eadh súarach go leor go mbeadh lán-dáiríribh na dhiaidh sin; mar an fear a bhuadhfaí air chun sáramh d'fhághailt thar nais é féin agus an dream gheobhadh leis socróidís suas meitheal agus chuirfidís scéal ansan go dtí muintir ansin eile bheith i gcóir lá an aonaigh a bhí chughainn chun go dtroidfidís amach lena chéile é.
    Bheul, chun 'spáint den fuadar bpighin a bhíodh fútha ar an am san. Bhí tailliúr ar bhail leis an áit lá ar an aonach agus b ghnáthach gach aon lá le cóiste capaill gabháilt thar crosaire Cadhla teacht ó Chora ag dul go Portláirge timpeall an dá bhuille dhéag sa ló. An lá aonaigh seo fé leith bhí an lá ag imeacht síochánta agus nuair a chonaic an táilliúr an cóiste ag teacht leigh sé lúigh as "Ó" arsa sé. "Sin é an dá bhuille déag imithe agus gan aon buile buailte fós". Níor dhein sé ach a casóg d'iompó dhe agus breith ar a dheire agus an casóg a tharraingt ina dhiaidh tré lár an aonaigh feachaint cé searóchadh air chun an sparlaing d'árdach. Ar feadh laethanta ina dhiaidh sin ní bhíodh aon trácht ar aon aonach in aon chor nach cér ba iad na buachaillí nó na fearaibh a thug bobhta uatha. Ní bhíodh aon dream fé leith go mbíodh rud le ród aca ná na sean-mhná ag bócéail ar gaolta dóibh agus ar a gclann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish